Gabháil Mhóna
Is áit cumhachtach é an portach, áit atá leathbheo agus leathmharbh. Tá sé seo le feiscint sna grianghrafanna.
Is iomaí brí atá leis an bhfocal ‘áit’ - sa chomhthéacs seo baineann sé leis na smaointe, na mothúcháin, na cuimhní cinn agus an tsamhlaíocht a thagann chun solais nuair a osclaítear na céadfaí agus nuair a súann an corp an áit isteach. Bhailigh na healaíontóirí cuimhní cinn agus scéalta na rannpháirtithe le linn comhráite fada ar Phortaigh Fhionnáin, Sheanadh Mhach agus Chois Fharraige . As an bproiséas seo a spreagadh samhlaíochtaí na healaíontóirí agus as a tháinig na grianghrafanna.
Ba léir ós na scéalta a d’inis daoine agus an plé a bhí ag na healaíontóirí go bhfuil na portaigh lárnach i gcuimhní cinn na daoine. Bhí cultúr faoi leith ag baint leis an bportach agus is iomaí rud a bhí fite fuaite le chéile; comhluadar, obair dhian, tae, pobal agus foinse breosla neamhspleach ina measc. Éiceachóras a bhí i gceist. Tá cuid mhaith den éiceachóras sin athraithe agus tá an chuma ar go gcaithfimid aisling nua a chruthú. Is iad na seantréithe agus tréithe nua a bhaineann leis an bportach atá le feiscint sna grianghrafanna. Tréithe a bhaineann le osréalachas, rómánsachas, dorchadas agus obair láimhe.
Níl an taispéantas seo ag iarraidh freagra amháin a thabhairt ar an gceist “cad a shamhlófa don phortach?” Tá na grianghrafanna ag iarraidh daoine a spreagadh chun machnamh a dhéanamh, chun an tsamhlaíocht a mhúscailt agus chun comhrá faoi thodhchaí na bportach a choiméad sa tsiúl.
Is rinceoir agus cóireagrafaí í Siobhán Ní Dhuinnín agus chaith sí am ar phortaigh Chorcaí le linn a hóige. Tá sí féin agus an grianghrafadóir agus scannánaí Dervla Baker ag obair le chéile ó 2018 chun rince, an corp, áit agus tírdhreach a chuir in iúl i slite difriúla.
Ealaíontóirí | Artists
Siobhán Ní Dhuinnín
Dervla Baker
Coimeadaí | Curator
Ríonach Ní Néill
Grianghrafadóireacht | Photography
Dervla Baker
Rannpháirtithe | Contributors
Máire Ní Chualáin, Mike Breathnach, Ada Ní Thuairisg
Dáta & Am | Date & Time
03.05.23 – 30.06.23
09.45 – 18.00
Seoladh 03.05.23 ag 18.30
Áit | Location
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc, H91 DW9A
Tá fáilte roimh chách
Buíochas le | Thanks to:
Mike Breathnach, Máire Ní Chualáin, Ada Ní Thuairisg, foireann Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Oifig na nOibreacha Poiblí