AN SCAILP
Tá níos mó teifeach agus daoine díláithrithe ann de bharr athrú aeráide, agus tarraingímid samplaí ónár stair agus ó chuntais áitiúla agus ó thaithí saoil, le ceachtanna a fhoghlaim faoin méid atá i ndán dúinn amach anseo.
Teastaíonn foscadh sealadach de shaghas éigin do theifigh agus iad ag teitheadh ó chogadh, ó Ghorta nó ó ghéarchéim aeráide. Tá gá le foscadh d’ollghluaiseacht daoine in aimsir na tubaiste. Is cuireadh é seo chun nóiméad de chaidreamh siombalach agus íogair a roinnt le daoine eile, chun gur féidir libhse mar dhaoine atá ag maireachtáil i ‘Scailp’ an ghéarchéim aeráide seo a shamhlú, freagairt di agus bhur machnamh a dhéanamh uirthi.
Déantar athinsint sa tionscadal ar scéalta atá i gcuimhne na ndaoine,agus i mBailiúchán na Scol, go háirithe scéalta faoi Oíche na Gaoithe Móire. Déantar athinsint ar chuntais ar shaol na ndaoine ba bhoichte agus ba leochailí in Éirinn le linn an Drochshaoil sna 1840idí. Cuirtear béim inár gcomhchuimhne ar eispéiris daoine a bhí i sáinn, agus ar an méid a rinne siad le teacht slán. Ba iad muintir na ‘Scailpeanna’ na daoine ba mhó a ndeachaigh an Drochshaol i bhfeidhm orthu. Cailleadh an oiread sin de na daoine sna háiteanna foscaidh seo le linn an Ghorta Mhóir.
Is struchtúr primitíbheach í ‘Scailp’: scoilt nó scoilteanna i gcarraig, fothain, nó uaimh, slais nó bothán cré, nó poll dhá nó trí throigh ar doimhne. Chuirtí díon air le maidí agus scraitheacha móna, mar a bheadh sásar bunoscionn. Bhí go leor de na daoine ar leagadh a gcuid tithe go talamh ina gcónaí in áiteanna mar sin. Thóg go leor daoine díláithrithe an méid a bhí siad in ann as a gcuid tithe agus rinne siad iarracht foscadh a thógáil, is cuma cé chomh hainnis agus a bhí siad. Bhí súil acu go bhfágfadh an tiarna talún faoi shíocháin iad san áit chónaithe thruamhéalach seo. Cé go raibh cuid mhór dár mbochtáin ina gcónaí iontu, de bhrí gur struchtúr orgánach a bhí iontu, is beag rian a d’fhág siad ar ár dtírdhreach.
Faoi láthair agus níos mó agus níos mó imní orainn maidir leis an éigeandáil aeráide agus muid ag foghlaim cén leigheas atá uirthi, spreag smaoineamh na ‘Scailpe’ an tionscadal chun iniúchadh a dhéanamh ar spásanna foscaidh. Tógadh an ‘Scailp’ in aon lá amháin de láimh, le cúpla uirlis shimplí, sa gcaoi nach gcuirfí isteach ar an timpeallacht agus nach ndéanfaí dochar di. Freisin, is macalla é sin den phráinn a bhí ann in aimsir an Drochshaoil foscadh a fháil roimh thitim na hoíche. Tá nasc an-láidir idir an bealach ar tógadh agus ar dearadh an áit foscaidh agus an t-idirghníomhú idir an suiteán agus an taobh tíre timpeall air. Is gné thábhachtach ó thaobh an tionscadail de gur ábhar áitiúil atá úsáidte. Baineadh úsáid as adhmad, scraitheacha, féar agus uisce ón suíomh. Nuair a shiúlann duine sa taobh tíre i dtreo na Scailpe agus laistigh di is féidir fuaimdhreach a scanadh bunaithe ar na scéalta. Sa saothar ealaíne seo, tugtar cuireadh don lucht féachana am a ghlacadh, suí síos chun an suiteán a chur ag obair.
Is cuimhne mhachnamhach ar an am atá caite agus ar an domhan nádúrtha atá sa ‘Scailp’, trí idirghníomhaíochtaí idir fhuaim agus an domhan nádúrtha. Tá muid ar fad ag brath ar a chéile san éiceachóras leochaileach agus gearrshaolach seo. Is sa cheist seo faoin gcothromaíocht íogair idir struchtúr agus tírdhreach croícheist an tionscadail. Tá gaol láidir idir ár dtimpeallacht agus obair an duine agus an nádúr, cuireann an ‘Scailp’ cosaint ar fáil ó na heilimintí ach tá sí fós fréamhaithe go hiomlán sa timpeallacht agus inár stair. Cuirtear an cheist, céard atá orainn a dhéanamh le muid fhéin a chosaint amach anseo. Is fúinn fhéin atá sé.
Seán Ó Flaithearta
Tá an Scailp suite ar thaobh na farraige, ar an taobh thiar de Chéibh an Dóilín. Tá cúig chód QR le fáil ar an mBóthar Buí, Trá an Dóilín agus pointí éagsúla ar láthair an Scailp. Tugtar cuireadh duit an cód QR a scanadh le fón póca agus éisteacht leis an fhuaimdhreach agus tú ag siúl i dtreo na Scailpe.
Ealaíontóirí | Artists
Seán Ó Flaithearta & Marcus Mac Conghail
Arna choimeádú ag | Curated by
Ríonach Ní Néill
Tógáil | Construction
Mícheál Ó Gaoithín, Patrick Ó Gaoithín
Fuaimdhreach | Soundscape
Marcus Mac Conghail
le
Méabh Ní Chonfhaola & Oisín Ó Gionnáin ag léamh sliochtanna as Bailiúchán na Scol filíocht le Mícheál Ó Cinnéide
Taifeadta ag | Recorded by
Mícheál Ó Domhnaill, Stiúdeo na nOileán
Áit | Location
Céibh an Dóilín, an Cheathrú Rua
Dátaí | Date
09.07.22 – 30.09.22
Buíochas le | Thanks to
Ciarán Ó Ceallaigh & a mhuintir, Brídín Nic Dhonncha, Máire Ní Chualáin, Caitríona Ní Chonchubhair agus Scoil Thír an Fhia, Dúchas.ie