
TURAS EALAÍNE & AERÁIDE
Tá an t-athrú aeráide ag cur athrú ar Chonamara. Céard atá i ndán dúinn? Agus cé a rachaidh i ngleic leis?
Arna choimeadú ag Ríonach Ní Néill, déanann ealaíontóiri Baint an Aeir machnamh ar an ghéarchéim aeráide, agus ar bhealaí le húsáid a bhaint as nósanna thraidisiúnta Chonamara, as an tírdhreach agus na hacmhainní nádúrtha atá ar fáil go háitiúil, chun todhchaí dícharbónaithe a bhaint amach.
AMCHLÁR
18:00: Caladh Thadhg
Seoladh an Dealbh Cumhachta Gealaigh le Paddy Bloomer, dealbh cinéiteach cumhachtaithe ag tuirbín taoide, ar chatamaran atá tógtha as sean-lannaí tuirbíní gaoithe.
18:30: Caladh Thadhg go Céibh an Dóilín
Siúlóid treoirithe le Dr. Mícheál Ó Cinnéide ag déanamh plé ar thionchar an t-athrú aeráide ar thimpeallacht agus ar thírdhreach na Ceathrún Rua.
19:15: Céibh an Dóilín
Cúirt ar 'An Scailp' le Seán Ó Flaithearta & Marcus Mac Conghail, suiteán idirghníomhach ealaíne, fuaime & aeráide, inar féidir nóiméad de chaidreamh siombalach agus íogair a roinnt le daoine eile, gur féidir samhlú, freagairt agus machnamh a dheanamh ar an ngéarchéim aeráide.
20:00: Céibh an Dóilín go Trá an Dóilín
Siúlóid Spéirscéalta le Dr. Liz Coleman ag déanamh plé ar an cheangailt idir an t-aer a n-análaimid, an t-asmaféar agus an t-athrú aeráide.
21:15: Trá an Dóilín
Radharc amach ar an Dealbh Cumhachta Gealaigh ar Chuan an Fhir Mhóir, ceol nuachumtha le Caitríona Ní Chonaola agus Máirtin Breathnach, picnic cumhachtaithe ag Solar Structures. Cloisfimid faoin foscadh ginte fuinnimh atá á dhearadh ag Ríonach Ní Néill agus Aoife Casby don Pháirc Astro le nach mbeadh lucht leanta spóirt fuar ná fliuch a thuilleadh.
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
dáta | date
Satharn 9 Iúil 2022
am | time
18.00 – 10.30
bualadh le chéile ag | meeting point
carrchlós Áras Uí Chadhain,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
https://goo.gl/maps/DuwNyRr18icwuByNA
saor in aisce | free
cuir ticéad in áirithe | book
Eventbrite: https://www.eventbrite.com/e/baint-an-aeir-turas-ealaine-aeraide-tickets-373896132397

íomhá | image
le caoinchead John Hinde Archive, Mary Evans Picture Library