Home
Privacy settings

MO THÓIN THEOLAÍ



Foscadh ginte fuinnimh & tearmann dúlra

Tá sé ar chumas duine ar bith fuinneamh a ghineadh anois, agus i mórán chuile áit. Tá painéil gréine agus mion-mhuilte gaoithe ar fáil go fairsing agus is féidir aon teach nó struchtúr shaorga nach mór a chur in oiriúint mar láthair ginte fuinnimh. Tá an trasdul fuinnimh ag athrú ár dtimpeallacht– ní hamháin maidir lena bhfuil le feiceáil, ach lena bhfuil le cloisteáil, le bolú agus le braith.

Ghríosaigh na féidireachtaí a bhaineann le féinghiniúint fuinnimh agus le cumhacht dhíláraithe muid chun tabhairt faoi shaothar ealaíne a bhainfeadh úsáid as teicneolaíocht inathnuaite agus as an aimsir mar ábhair ealaíne – agus a thiocfadh ar réitiú ar an easpa foscadh ag Páirc Astro na Ceathrún Rua.

 

Spreag radhairc a bhíonn agus a bhíodh coitianta freagra na ceiste - rónta ag déanamh bolg le gréin ar charraigreacha amach ón chósta; caoirigh ina luí go deas cluthar in aghaidh ballaí cloiche; sean-leaideanna ina luí in éadan balla...

Mar a shúnn an chloch teas na gréine isteach le bheith ar nós téitheoir faoi na hainmhithe, súnn an córas fuinnimh cumhacht na gréine agus na gaoithe isteach chun balla déanta as fál caorach agus mata teasa a théamh, le go mbeadh lucht tacaíochta in ann iad fhéin a scaoileadh isteach ar bhalla teolaí agus iad ag faire ar chluiche. Cruthaíonn na painéil gréine díon soilsithe ós a gcionn.

 

Cruthaíodh córas fuinnimh 1.65 kWp eis-eangaí. Is córas hibrideach 3 phainéil gréine agus mionghineadóir gaoithe atá ann agus beifear ag déanamh monatóireacht ar mar a sholáthraíonn sé fuinneamh thar na ceithre shéasúr.

 

Tá an foscadh suite ar leac i dtearmann dúlra na páirce atá ag tabhairt foscadh d’ainmhithe agus plandaí fhíáin.

Ealaíontóir | Artist

Ríonach Ní Néill

le | with
Ealaíontóir | Artist

Aoife Casby


Comhairle Innealtóireachta | Engineering XXX

Columba Eagleton


Innealtóir Fuinnimh | Energy Engineer

Duncan Mathews


Comhairle deartha | Design XXX

Pete Casby


Déantúsaíocht | Fabrication

Rynns Engineering
Tony Tim Ó Conghaile
Peadar Ó Domhnaill
Bertie Folan
Ríonach Ní Néill
Patrick Lynch
Solar Structures


Dearadh Grafaic | Graphic Design

Caomhán Ó Scolaí


Arna óstáil ag | hosted by

Pháirc an Chathánaigh
an Tismeán
an Cheathrú Rua
Contae na Gaillimhe


Buíochas le | thanks to

Pháirc an Chathánaigh


Griangrafanna | photos

Andrew Downes, Ríonach Ní Néill



http://www.ciotog.ie/images/baint_an_aeir/mtt4.jpg

 

 

 

 

 

 

This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.